Aithris 133
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 133mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(133) |
Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta cuidiú le chéile i dtaca lena gcúraimí a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Féadfaidh údarás maoirseachta a iarrann cúnamh frithpháirteach beart sealadach a ghlacadh más rud é nach bhfaigheann sé aon fhreagra ar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach laistigh de mhí amháin tar éis dó an iarraidh sin a fháil ón údarás maoirseachta eile. |