Aithris 48
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 48mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(48) |
Féadfaidh leas dlisteanach a bheith ag rialaitheoirí, ar cuid de ghrúpa gnóthas nó institiúidí atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach iad, i sonraí pearsanta a tharchur laistigh den ghrúpa gnóthas chun críocha an riaracháin inmheánaigh, lena n-áirítear sonraí pearsanta cliant nó fostaithe a phróiseáil. Ní dhéantar aon difear do na prionsabail ghinearálta a bhaineann le tarchur sonraí pearsanta, laistigh de ghrúpa gnóthas, chuig gnóthas atá lonnaithe i dtríú tír. |