Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 1 Airteagal 29

Airteagal 29 · Próiseáil faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní fhéadfaidh an próiseálaí ná aon duine atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige nó aici ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha ón rialaitheoir, mura gceanglaítear air nó uirthi déanamh amhlaidh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

Ar threoracha an rialaitheora amháin Tugann an rialaitheoir treoracha don phróiseálaí agus d'aon duine atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí a bhfuil rochtain aige nó aici ar shonraí pearsanta. Comhartha gan dul isteach: ní fhéadfaidh siad na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha ón rialaitheoir, mura gceanglaítear orthu é sin a dhéanamh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. rialaitheoir treoracha próiseálaí aon duine faoi údarás ceachtar acu le rochtain ar na sonraí Toirmiscthe gan próiseáil ach ar threoracha an rialaitheora mura gceanglaítear le dlí an Aontais nó Ballstáit é

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 29leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 29

Próiseáil faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí

An próiseálaí ná aon duine atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus a bhfuil rochtain aige nó aici ar shonraí pearsanta, ní dhéanfaidh sé nó sí na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, mura rud é go n-éilítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…