Caibidil IV Roinn 1 Airteagal 28
Airteagal 28 · An próiseálaí
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Rialaitheoirí agus próiseálaithe
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní mór don rialaitheoir gan ach próiseálaithe a úsáid a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfidh siad bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme.
Ní mór próiseáil ag próiseálaí a rialú le conradh i scríbhinn nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit, ina sonraítear go háirithe go ndéanann an próiseálaí an méid seo:
- gníomhaíonn sé ar threoracha doiciméadaithe ón rialaitheoir amháin (mura gceanglaítear a mhalairt le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit);
- áirithíonn sé rúndacht;
- déanann sé na bearta is gá faoi Airteagal 32;
- cuidíonn sé leis an rialaitheoir; agus
- ag an deireadh, léirscriosann sé na sonraí nó tugann sé ar ais iad, de réir rogha an rialaitheora.
Ní fhéadfaidh próiseálaí próiseálaí eile a fhostú ach amháin le húdarú sonrach nó ginearálta i scríbhinn roimh ré ón rialaitheoir agus faoi na hoibleagáidí céanna um chosaint sonraí, agus fanann sé go hiomlán faoi dhliteanas don rialaitheoir má mhainníonn an próiseálaí eile sin iad a chomhlíonadh.
Téacs Airteagal 28leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 28
An próiseálaí
Rialófar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir ó thaobh dlí agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Foráilfear sa chonradh nó sa ghníomh dlíthiúil eile go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:
ní phróiseálfaidh sé na sonraí pearsanta ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura n-éilítear an phróiseáil sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit ar faoina réir atá an próiseálaí; agus sa chás sin, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir in iúl faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin mura gcoisctear an fhaisnéis sin faoin dlí sin ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;
áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;
déanfaidh sé gach beart is gá de bhun Airteagal 32;
urramóidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus 4 faoina bhfostófar próiseálaí eile;
agus cineál na próiseála á chur san áireamh, cuideoidh sé leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III;
cúnamh a thabhairt don rialaitheoir chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 36, á chur san áireamh dó cineál na próiseála agus an fhaisnéis atá ar fáil don phróiseálaí;
ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis dheireadh sholáthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí agus na cóipeanna atá ar marthain a scriosadh, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí údarú sonrach nó ginearálta sin a stóráil; agus
cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir an fhaisnéis uile is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha síos san Airteagal seo a thaispeáint agus ceadóidh sé go ndéanfaidh an rialaitheoir nó iniúchóir eile dá dtabharfaidh an rialaitheoir sainordú, iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, agus beidh baint aige leis na hiniúchtaí agus leis na cigireachtaí sin.
I dtaca le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas láithreach, más rud é, ina thuairim, go sáraíonn treoir an Rialachán seo nó forálacha maidir le cosaint sonraí de chuid an Aontais nó Ballstáit.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 79 Le cosaint ceart agus saoirsí ábhar sonraí agus freagracht agus dliteanas rialaitheoirí agus próiseálaithe…
- Aithris 81 Chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú i dtaca leis an bpróiseáil atá le déanamh ag an…
- Aithris 95 Ba cheart don phróiseálaí cuidiú leis an rialaitheoir, más gá agus arna iarraidh sin dó nó di, agus é á…
- Aithris 168 Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le clásail…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)
eagraíocht idirnáisiúnta
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.
Article 4, point (26)