Conradh le próiseálaí
Grafaic ó Eureka
Cá háit a ndeir an téacs é
- Airteagal 28(1)
ní bhainfidh an rialaitheoir úsáid ach as próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme
- Airteagal 28(2)
Ní fhostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile, gan údarú sonrach nó ginearálta a fháil ón rialaitheoir i scríbhinn.
- Airteagal 28(3)
Rialófar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir ó thaobh dlí agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora.
- Airteagal 28(3)(a)
ní phróiseálfaidh sé na sonraí pearsanta ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta
mura n-éilítear an phróiseáil sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit ar faoina réir atá an próiseálaí; agus sa chás sin, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir in iúl faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin mura gcoisctear an fhaisnéis sin faoin dlí sin ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí
- Airteagal 28(3)(b)
áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáil
- Airteagal 28(3)(c)
déanfaidh sé gach beart is gá de bhun Airteagal 32;
- Airteagal 28(3)(d)
urramóidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus 4 faoina bhfostófar próiseálaí eile;
- Airteagal 28(3)(e)
agus cineál na próiseála á chur san áireamh, cuideoidh sé leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III
- Airteagal 28(3)(f)
cúnamh a thabhairt don rialaitheoir chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 36
- Airteagal 28(3)(g)
ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis dheireadh sholáthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí
- Airteagal 28(3)(h)
cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir an fhaisnéis uile is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha síos san Airteagal seo a thaispeáint agus ceadóidh sé go ndéanfaidh an rialaitheoir nó iniúchóir eile dá dtabharfaidh an rialaitheoir sainordú, iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, agus beidh baint aige leis na hiniúchtaí agus leis na cigireachtaí sin.
- Airteagal 28(4)
I gcás ina bhfostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile d'fhonn gníomhaíochtaí sonracha próiseála a chur i gcrích thar ceann an rialaitheora, déanfar na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna atá leagtha amach sa chonradh nó i ngníomh dlíthiúil eile idir an rialaitheoir agus an próiseálaí dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur ar an bpróiseálaí eile
beidh an chéad phróiseálaí go hiomlán dlite don rialaitheoir as feidhmiú oibleagáidí an phróiseálaí eile
- Airteagal 28(9)
Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an conradh nó an gníomh dlíthiúil eile dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4.