Caibidil IV Roinn 1 Airteagal 27
Airteagal 27 · Ionadaithe rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Rialaitheoirí agus próiseálaithe
Go hachomairAchoimre ó Eureka
I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 3(2), ní mór don rialaitheoir nó don phróiseálaí ionadaí san Aontas a ainmniú i scríbhinn, atá bunaithe i gceann de na Ballstáit ina bhfuil na hábhair sonraí lena mbaineann.
Níl feidhm aige sin:
- maidir le húdarás nó comhlacht poiblí; ná
- maidir le próiseáil atá ócáideach, nach n-áirítear léi próiseáil ar mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna, agus nach dóigh go mbeidh riosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh uirthi.
Is gan dochar d'imeachtaí dlíthiúla i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí féin ionadaí a ainmniú.
Téacs Airteagal 27leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 27
Ionadaithe rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leid an méid seo a leanas:
próiseáil a dhéantar go hócáideach agus nach n-áirítear leis sin, ar mhórscála, próiseáil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus nach dóigh go mbeidh riosca ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine, ag féachaint do chineál, do raon feidhme agus do chríocha na próiseála; nó
údarás nó comhlacht poiblí.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 80 I gcás ina bhfuil rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ag próiseáil sonraí pearsanta…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)
ionadaí
ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;
Article 4, point (17)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)