Caibidil IV Roinn 1 Airteagal 26
Airteagal 26 · Rialaitheoirí comhpháirteacha
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Rialaitheoirí agus próiseálaithe
Go hachomairAchoimre ó Eureka
I gcás ina gcinneann beirt rialaitheoirí nó níos mó i gcomhpháirt críocha agus modhanna na próiseála, is rialaitheoirí comhpháirteacha iad.
Mura gcinntear a bhfreagrachtaí le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, agus a mhéid nach gcinntear iad, ní mór dóibh iad a leagan amach i socrú trédhearcach, go háirithe maidir le cearta an ábhair sonraí agus leis an bhfaisnéis faoi Airteagail 13 agus 14, agus croílár an tsocraithe a chur ar fáil don ábhar sonraí.
Is cuma cad atá sa socrú, féadfaidh an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú i gcoinne gach ceann de na rialaitheoirí.
Téacs Airteagal 26leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 26
Rialaitheoirí comhpháirteacha
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 79 Le cosaint ceart agus saoirsí ábhar sonraí agus freagracht agus dliteanas rialaitheoirí agus próiseálaithe…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)