Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 1 Airteagal 25

Airteagal 25 · Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Rialaitheoirí agus próiseálaithe

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tráth a gcinntear modhanna na próiseála agus le linn na próiseála féin, ní mór don rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a ceapadh chun na prionsabail cosanta sonraí a chur chun feidhme go héifeachtach, agus úrscothacht na teicneolaíochta, costas an chur chun feidhme agus na rioscaí á gcur san áireamh.

Ní mór don rialaitheoir a áirithiú freisin trí bhearta iomchuí nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta is gá do gach críoch shonrach (maidir le méid, fairsinge na próiseála, tréimhse stórála agus inrochtaineacht), agus nach gcuirtear sonraí pearsanta, mar réamhshocrú, ar fáil do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil an duine aonair.

Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú Dhá phainéal. Trí dhearadh: tráth a gcinntear modhanna na próiseála agus le linn na próiseála féin, ní mór don rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, atá ceaptha chun prionsabail na cosanta sonraí a chur chun feidhme go héifeachtach, ag féachaint don úrscothacht, do chostas an chur chun feidhme, do chineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus do na rioscaí. Mar réamhshocrú: ní mór don rialaitheoir a áirithiú nach bpróiseáiltear ach na sonraí pearsanta is gá chun gach críche sonraí, maidir leis an méid a bhailítear, méid na próiseála, an tréimhse stórála agus an inrochtaineacht; léiríonn lasc múchta nach gcuirtear sonraí pearsanta, mar réamhshocrú, ar fáil do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil an duine aonair. trí dhearadh nuair a chinntear na modhanna agus le linn na próiseála bearta iomchuí, amhail ainmneacha bréige, a chuireann na prionsabail i bhfeidhm mar réamhshocrú na sonraí pearsanta is gá amháin do gach críoch shonrach, maidir le: méid raon tréimhse stórála inrochtaineacht inrochtana ag líon éiginnte daoine ní gan idirghabháil an duine aonair
Ní mór don rialaitheoir cosaint sonraí a chur san áireamh sa phróiseáil ón tús agus, mar réamhshocrú, gan ach na sonraí pearsanta is gá do gach críoch a phróiseáil. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 25leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 25

Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú

1.  
Agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, déanfaidh an rialaitheoir, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.
2.  
Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. ►C2  Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí pearsanta a bhailítear, an oiread próiseála a dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu. ◄ Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.
3.  
Féadfar leas a bhaint as sásra formheasta deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 78 Le cosaint ceart agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, ceanglaítear go ndéantar…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • ainm bréige a chur i bhfeidhm

    ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

    Article 4, point (5)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…