Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 1 Airteagal 30

Airteagal 30 · Taifid de ghníomhaíochtaí próiseála

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Rialaitheoirí agus próiseálaithe

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór do gach rialaitheoir taifead a choimeád de na gníomhaíochtaí próiseála atá faoina fhreagracht, ina bhfuil an fhaisnéis atá liostaithe i mír 1, agus ní mór do gach próiseálaí taifead a choimeád de gach catagóir próiseála a dhéantar thar ceann rialaitheora.

Ní mór na taifid a bheith i scríbhinn agus a chur ar fáil don údarás maoirseachta arna iarraidh sin.

Níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le fiontar ná le heagraíocht a fhostaíonn níos lú ná 250 duine, mura amhlaidh atá an phróiseáil a dhéanann sé:

  • dóchúil go mbeidh riosca do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí mar thoradh uirthi;
  • neamhócáideach; nó
  • ag áireamh catagóirí speisialta sonraí (Airteagal 9(1)) nó sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna (Airteagal 10).
Taifid de ghníomhaíochtaí próiseála Taifead de ghníomhaíochtaí próiseála, i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach. Coinníonn an rialaitheoir taifead de na gníomhaíochtaí próiseála atá faoina fhreagracht; coinníonn an próiseálaí taifead de gach catagóir próiseála a dhéantar thar ceann gach rialaitheora. Cuirtear an taifead ar fáil don údarás maoirseachta arna iarraidh sin. Níl feidhm ag na hoibleagáidí maidir le fiontar nó eagraíocht a fhostaíonn níos lú ná 250 duine, ach amháin más dóchúil go mbeidh riosca do chearta agus do shaoirsí ábhar sonraí mar thoradh ar an bpróiseáil, nó nach próiseáil ócáideach í, nó go n-áirítear inti catagóirí speisialta sonraí nó sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta: is leor aon cheann acu sin chun go mbeidh feidhm ag an oibleagáid. taifead de ghníomhaíochtaí próiseála i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach rialaitheoir a ghníomhaíochtaí próiseála próiseálaí catagóirí próiseála do gach rialaitheoir ar fáil don údarás maoirseachta ar iarraidh ní do: fiontar nó eagraíocht a fhostaíonn níos lú ná 250 duine mura bhfuil an phróiseáil: dóchúil riosca a bheith ann do chearta agus do shaoirsí nó neamhócáideach nó ag áireamh sonraí catagóire speisialta nó coiriúla
Ní mór do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe taifead scríofa dá bpróiseáil a choimeád agus é a thaispeáint don údarás maoirseachta ar iarraidh; níl feidhm ag an eisceacht dóibh siúd a fhostaíonn níos lú ná 250 duine i dtrí chás. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 30leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 30

Taifid de ghníomhaíochtaí próiseála

1.  

Coimeádfaidh gach rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an rialaitheora taifead de ghníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram. ►C2  Áireofar an fhaisnéis uile seo a leanas sa taifead sin: ◄

(a) 

ainm agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála aon rialaitheora chomhpháirtigh, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora agus an oifigigh cosanta sonraí;

(b) 

críocha na próiseála;

(c) 

tuairisc ar na catagóirí ábhar sonraí agus ar na catagóirí sonraí pearsanta;

(d) 

na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(e) 

i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;

(f) 

más féidir, na teorainneacha ama atá beartaithe chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;

(g) 

más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1).

2.  

Coimeádfaidh gach próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an phróiseálaí taifead ar na catagóirí uile gníomhaíochtaí próiseála, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar thar ceann an rialaitheora agus áireofar an méid seo a leanas sa taifead sin:

(a) 

ainm agus sonraí teagmhála an phróiseálaí nó na bpróiseálaithe agus ainm agus sonraí teagmhála gach rialaitheora ar thar a cheann atá an próiseálaí ag feidhmiú, agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus an oifigigh cosanta sonraí;

(b) 

catagóirí na próiseála a rinneadh thar ceann gach rialaitheora;

(c) 

i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;

(d) 

más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1).

3.  
Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh na taifid dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.
4.  
Cuirfidh an rialaitheoir nó an próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an rialaitheora nó ionadaí an phróiseálaí, an taifead ar fáil don údarás maoirseachta, arna iarraidh sin.
5.  
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 maidir le fiontar nó le heagraíocht ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine ach amháin murar dócha é go ngabhann riosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí leis an bpróiseáil a bhíonn ar bun ann, nach ndéantar an phróiseáil go hócáideach, go n-áirítear sa phróiseáil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 13 Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus chun…
  • Aithris 82 Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí taifid a…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

  • faighteoir

    ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;

    Article 4, point (9)

  • ionadaí

    ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;

    Article 4, point (17)

  • fiontar

    ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch;

    Article 4, point (18)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

  • eagraíocht idirnáisiúnta

    ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

    Article 4, point (26)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…