Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 1 Airteagal 31

Airteagal 31 · Comhar leis an údarás maoirseachta

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, dá n-ionadaithe, comhoibriú, arna iarraidh sin, leis an údarás maoirseachta i gcomhlíonadh a chúraimí.

Téacs Airteagal 31leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 31

Comhar leis an údarás maoirseachta

Comhoibreoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, a n-ionadaithe, arna iarraidh sin, leis an údarás maoirseachta chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 82 Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí taifid a…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

  • ionadaí

    ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;

    Article 4, point (17)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…