Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 2 Airteagal 32

Airteagal 32 · Slándáil na próiseála

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Slándáil agus sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór don rialaitheoir agus don phróiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal slándála atá iomchuí don riosca a áirithiú, agus úrscothacht na teicneolaíochta, costais an chur chun feidhme, cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus an riosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha á gcur san áireamh.

Áirítear leo, i measc nithe eile agus de réir mar is iomchuí:

  • ainm bréige a chur i bhfeidhm agus criptiú;
  • an cumas rúndacht, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht leanúnach a áirithiú;
  • an cumas rochtain ar shonraí pearsanta a athbhunú tar éis teagmhais; agus
  • tástáil rialta ar na bearta.
Slándáil na próiseála Ní mór don rialaitheoir nó don phróiseálaí, a thaispeántar mar dhá bhloc oifige, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal slándála atá iomchuí don riosca a áirithiú, ag féachaint don úrscothacht, do chostais an chur chun feidhme, do chineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus don riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. Taispeánann ceithre thíl an méid a áirítear sna bearta, de réir mar is iomchuí: (a) ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta agus iad a chriptiú; (b) an cumas rúndacht, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht leanúnach na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú; (c) an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athbhunú go tráthúil i gcás teagmhas fisiceach nó teicniúil; (d) próiseas chun éifeachtacht na mbeart a thástáil, a mheasúnú agus a mheas go rialta. Rialaitheoir nó Próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla slándáil atá iomchuí don riosca ag féachaint do: úrscothacht, costais chur chun feidhme, cineál, raon, comhthéacs agus críocha, riosca do chearta agus do shaoirsí lena n-áirítear, mar is iomchuí: (a) ainm bréige agus criptiú (b) rúndacht leanúnach, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht (c) rochtain a athbhunú go tráthúil tar éis teagmhais (d) tástáil rialta ar na bearta

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 32leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 32

Slándáil na próiseála

1.  

Agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, lena n-áirítear, inter alia, de réir mar is iomchuí:

(a) 

ainm bréige a chur i bhfeidhm agus criptiú a dhéanamh i ndáil le sonraí pearsanta;

(b) 

an cumas rúndacht leanúnach, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú;

(c) 

an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil sa chás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(d) 

próiseas chun tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun slándáil na próiseála a áirithiú.

2.  
Agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, tabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.
3.  
Má chloítear le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
4.  
Déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta lena áirithiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, seachas más gá dó nó di sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 83 Chun an tslándáil a chothabháil agus chun cosc a chur ar phróiseáil de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • ainm bréige a chur i bhfeidhm

    ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

    Article 4, point (5)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…