Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 2 Airteagal 33

Airteagal 33 · Fógra a thabhairt don údarás maoirseachta faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Slándáil agus sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta

Go hachomairAchoimre ó Eureka

I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, ní mór don rialaitheoir fógra a thabhairt don údarás maoirseachta atá inniúil faoi Airteagal 55 gan moill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi, mura dóigh go mbeidh riosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú.

Fógra a thugtar tar éis 72 uair an chloig, ní mór na cúiseanna leis an moill a bheith ag gabháil leis, agus féadfar faisnéis nach féidir a sholáthar ag an am céanna a sholáthar ina céimeanna gan moill mhíchuí bhreise.

Ní mór don phróiseálaí fógra a thabhairt don rialaitheoir gan moill mhíchuí, agus ní mór don rialaitheoir aon sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a dhoiciméadú.

Sárú a fhógairt don údarás I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta: tugann an próiseálaí fógra don rialaitheoir gan moill mhíchuí. Tugann an rialaitheoir fógra don údarás maoirseachta gan moill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoin sárú; ní mór cúiseanna leis an moill a thabhairt le fógra níos déanaí. Ní bhaineann sé sin le sárú nach dócha go mbeidh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh air. Ar leithligh, doiciméadaíonn an rialaitheoir gach sárú, lena fhíorais, a éifeachtaí agus an ghníomhaíocht leasúcháin a rinneadh. má: sárú ar shonraí pearsanta próiseálaí fógra rialaitheoir gan moill mhíchuí Rialaitheoir fógra údarás maoirseachta gan moill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, laistigh de 72 uair tar éis fios a fháil; níos déanaí: le cúiseanna ní do: sárú nach dócha go dtiocfaidh riosca as Rialaitheoir doiciméadaíonn gach sárú fíorais, éifeachtaí, gníomh leasúcháin

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 33leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 33

Fógra a thabhairt don údarás maoirseachta faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta

1.  
I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair tar éis dó bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt don údarás maoirseachta atá inniúil i gcomhréir le hAirteagal l55, mura rud é, nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. Gabhfaidh na cúiseanna a bhí leis an mhoill leis an bhfógra don údarás maoirseachta i gcás nach dtugtar an fógra sin laistigh de 72 uair.
2.  
Cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas gan mhoill mhíchuí a luaithe a thuigeann sé gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta.
3.  

Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus neas-líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus neas-líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;

(b) 

cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí in iúl nó luafar pointe teagmhála eile ónar féidir tuilleadh eolais a fháil;

(c) 

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta; agus

▼C2

(d) 

tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an rialaitheoir nó atá beartaithe aige a dhéanamh le haghaidh a thabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.

▼B

4.  
I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis a chur ar fáil ag an am céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.
5.  
Déanfaidh an rialaitheoir aon sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a dhoiciméadú, arb iad na fíricí a bhaineann leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh. ►C2  Leis an doiciméadacht sin, cuirfear ar chumas an údaráis maoirseachta a fhíorú an bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh. ◄

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 85 Mura dtéitear i ngleic le sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar bhealach iomchuí tráthúil, d'fhéadfadh gurb é…
  • Aithris 87 Ba cheart a fháil amach an ndearnadh na bearta iomchuí teicneolaíocha cosanta agus na bearta iomchuí…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

  • sárú i ndáil le sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sárú i ndáil le sonraí pearsanta” sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;

    Article 4, point (12)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…