Ní mór do na Ballstáit, do na húdaráis mhaoirseachta, don Bhord agus don Choimisiún sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a spreagadh chun a thaispeáint go gcomhlíonann oibríochtaí próiseála an Rialachán.
Is deonach atá an deimhniú, ní laghdaíonn sé freagracht an rialaitheora nó an phróiseálaí as comhlíonadh, agus eisíonn comhlachtaí deimhniúcháin faoi Airteagal 43 nó an t-údarás inniúil maoirseachta é ar bhonn critéar formheasta. Féadfaidh Séala Eorpach Cosanta Sonraí teacht as critéir a d'fhormheas an Bord.
Eisítear deimhniú ar feadh uastréimhse trí bliana, féadfar é a athnuachan, agus ní mór é a tharraingt siar mura gcomhlíontar na critéir lena aghaidh nó mura gcomhlíontar a thuilleadh iad.
Féadfaidh comhlachais cóid iompair a tharraingt suas lena bhformheas ag an údarás maoirseachta, agus féadfaidh rialaitheoirí agus próiseálaithe deimhniú deonach a lorg, rud nach laghdaíonn a bhfreagracht.
Téacs Airteagal 42 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 42
Deimhniú
1.
Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh, go háirithe ar leibhéal an Aontais, chun sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, ionas go bhféadfar a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe. Cuirfear na riachtanais shonracha a bheidh ag micrifhiontar agus ag fiontair bheaga agus meánmhéide san áireamh.
De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialacháin seo do chloí le sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí, séalaí nó marcanna cosanta sonraí arna bhformheas de bhun mhír 5 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 faoi chuimsiú aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 46(2) iad a bhunú chun a thaispeáint go bhfuil coimircí iomchuí arna soláthar acu. Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.
Is deimhniú deonach a bheidh i gceist agus beidh sé ar fáil trí phróiseas atá trédhearcach.
4.
Le deimhniú de bhun an Airteagail seo, ní laghdaítear an fhreagracht atá ar an rialaitheoir ná ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh agus is gan dochar é do chúraimí agus do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.
5.
Maidir le deimhniú de bhun an Airteagail seo, is iad na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 a eiseoidh é, nó is é an t-údarás maoirseachta a eiseoidh é, ar bhonn na gcritéar arna bhformheas ag an údarás inniúil maoirseachta sin de bhun Airteagal 58(3) nó ag an mBord de bhun Airteagal 63. I gcás ina bhformheasann an Bord na critéir, féadfaidh sé go dtiocfaidh comhdheimhniú, an Séala Eorpach Cosanta Sonraí, mar thoradh air sin.
6.
An rialaitheoir nó an próiseálaí a chuireann an phróiseáil a dhéanann sé faoi bhráid an tsásra deimhniúcháin, cuirfidh sé an fhaisnéis go léir is gá maidir lena ghníomhaíochtaí próiseála ar fáil don chomhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43, nó nuair is infheidhme, don údarás inniúil maoirseachta agus tabharfaidh sé gach rochtain dóibh ar a ghníomhaíochtaí próiseála d'fhonn dul i mbun an nós imeachta deimhniúcháin.
Eiseofar deimhniú don rialaitheoir nó do phróiseálaí ar feadh uastréimhse trí bliana agus féadfar é a athnuachan, faoi na coinníollacha céanna, fad a leanfar de na critéir ábhartha a chomhlíonadh. I gcás inarb infheidhme, tarraingeoidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 deimhniú siar, nó tarraingeoidh an t-údarás inniúil maoirseachta siar é i gcás nach bhfuil na critéir le haghaidh deimhniúcháin á gcomhlíonadh nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.
Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí ar fad agus na séalaí agus marcanna cosanta sonraí ar fad a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 100Chun trédhearcacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo a fheabhsú, ba cheart spreagadh a thabhairt chun sásraí…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch;
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.