Caibidil IV Roinn 5 Airteagal 41
Airteagal 41 · Faireachán a dhéanamh ar chóid fhormheasta iompair
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Féadfaidh comhlacht a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais aige agus atá creidiúnaithe chun na críche sin ag an údarás inniúil maoirseachta faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cód iompair, gan dochar do chúraimí agus do chumhachtaí an údaráis sin.
Féadfar comhlacht a chreidiúnú más rud é:
- gur léirigh sé a neamhspleáchas agus a shaineolas;
- gur bhunaigh sé nósanna imeachta maidir le hincháilitheacht, le faireachán agus le gearáin; agus
- gur léirigh sé nach mbíonn coinbhleacht leasa mar thoradh ar a chúraimí.
Ní mór dó gníomh iomchuí a dhéanamh i gcoinne sáruithe, lena n-áirítear fionraí ón gcód nó eisiamh as. Ní mór a chreidiúnú a chúlghairm mura gcomhlíontar na ceanglais maidir le creidiúnú, nó mura gcomhlíontar a thuilleadh iad, nó má sháraíonn a ghníomhartha an Rialachán.
Níl feidhm ag an Airteagal maidir le próiseáil ag údaráis agus comhlachtaí poiblí.
Téacs Airteagal 41leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 41
Faireachán a dhéanamh ar chóid fhormheasta iompair
Féadfar creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cóid iompair, más fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhlacht sin:
tá sé taispeáinte aige go bhfuil sé neamhspleách agus go bhfuil saineolas aige maidir le hábhar an chóid chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;
tá nósanna imeachta bunaithe aige a chuirfeadh ar a chumas incháilitheacht na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe lena mbaineann a mheas chun an cód a chur i bhfeidhm, faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá forálacha an chóid á gcomhlíonadh acu agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmiú an chóid;
tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe aige chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an gcód nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an cód i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus
tá sé taispeáinte aige chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá air.
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)