Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IX Airteagal 87

Airteagal 87 · An uimhir aitheantais náisiúnta a phróiseáil

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh sonraíochta a dhéanamh ar na coinníollacha sonracha maidir le huimhir aitheantais náisiúnta nó aon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta aige a phróiseáil. I gcás ina ndéanann Ballstát amhlaidh, ní mór an uimhir nó an t-aitheantóir a úsáid faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí faoin Rialachán amháin.

Téacs Airteagal 87leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 87

An uimhir aitheantais náisiúnta a phróiseáil

Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha sonracha a chinneadh chomh maith faoina bpróiseálfar uimhir aitheantais náisiúnta nó aon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta leis. Sa chás sin, ní úsáidfear an uimhir aitheantais náisiúnta nó aon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta leis ach amháin faoi na coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí de bhun an Rialacháin seo.

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…