Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IX Airteagal 88

Airteagal 88 · Próiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Féadfaidh na Ballstáit, le dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna, foráil a dhéanamh do rialacha níos sonraí chun cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta fostaithe i gcomhthéacs na fostaíochta, go háirithe chun críocha amhail earcaíocht, comhlíonadh an chonartha fostaíochta agus foirceannadh an chaidrimh fostaíochta.

Ní mór bearta oiriúnacha sonracha a bheith sna rialacha sin chun dínit dhaonna, leasanna dlisteanacha agus cearta bunúsacha an ábhair sonraí a choimirciú, agus aird ar leith ar:

• trédhearcacht;
• aistrithe laistigh de ghrúpa gnóthas nó de ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu; agus
• córais faireacháin san ionad oibre.

Ní mór do gach Ballstát na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún faoin 25 Bealtaine 2018 agus aon leasú ina dhiaidh sin gan mhoill.

Téacs Airteagal 88leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 88

Próiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta

1.
Féadfaidh na Ballstáit, leis an dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna, foráil a dhéanamh do rialacha níos sonraí chun a áirithiú go ndéanfar cearta agus saoirsí na bhfostaithe a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ó thaobh na fostaíochta de, go háirithe chun na críocha seo a leanas: earcaíocht, feidhmiú an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí arna leagan síos de réir dlí nó comhaontuithe comhchoiteanna, bainistiú, pleanáil agus eagrú na hoibre, comhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre, sláinte agus slándáil ag an obair, cosaint maoin an fhostóra nó an chustaiméara agus feidhmiú agus tairbhiú de cheart agus de sochair a bhaineann le fostaíocht, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, agus chun críoch deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta.
2.
Áireofar ar na rialacha sin bearta oiriúnacha agus sonracha chun dínit, cearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, go háirithe maidir le trédhearcacht na próiseála, aistriú sonraí pearsanta laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus i gcórais faireacháin san ionad oibre.
3.
Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

• Aithris 155 Le dlí Ballstáit nó le comhaontuithe comhchoiteanna, lena n-áirítear “comhaontuithe oibre”, féadfar foráil a…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

• sonraí pearsanta

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• ábhar sonraí

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• próiseáil

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

Article 4, point (2)

• fiontar

(18)

ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch;

Article 4, point (18)

• grúpa gnóthas

(19)

ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú;

Article 4, point (19)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…