Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IX Airteagal 89

Airteagal 89 · Coimircí agus maoluithe i ndail le próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Raon feidhme agus díolúintí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh a bheith faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí, coimircí nach mór dóibh bearta teicniúla agus eagraíochtúla a áirithiú, go háirithe le haghaidh íoslaghdú sonraí.

I gcás inar féidir na críocha sin a bhaint amach trí phróiseáil bhreise nach gceadaíonn, nó nach gceadaíonn a thuilleadh, ábhair sonraí a shainaithint, ní mór iad a bhaint amach ar an mbealach sin.

Féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar Airteagail 15, 16, 18 agus 21 le haghaidh taighde agus staidrimh, agus ar Airteagail 19 agus 20 freisin le haghaidh cartlannaithe, faoi réir na gcoimircí sin, a mhéid:

  • is dóigh go bhfágfaidh na cearta go mbeidh sé dodhéanta na críocha sonracha a bhaint amach nó go gcuirfidh siad isteach go mór orthu; agus
  • is gá na maoluithe chun iad a bhaint amach.

I gcás ina bhfónann an phróiseáil do chríoch eile freisin, níl feidhm ag na maoluithe ach maidir le próiseáil chun na gcríoch sin.

Téacs Airteagal 89leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 89

Coimircí agus maoluithe i ndail le próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh

▼C2

1.  
Próiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, beidh sí faoi réir coimircí is iomchuí ó thaobh chearta agus saoirsí an ábhair sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ainm bréige a chur i bhfeidhm, ar choinníoll gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh ar an mbealach sin. I gcás gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí thuilleadh próiseála, más próiseáil í sin nach gceadaítear léi aitheantas na n-ábhar sonraí a chur in iúl nó nach gceadaítear sin a thuilleadh, is ar an mbealach sin a chomhlíonfar na críocha sin.
2.  
I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críoch staidrimh, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagail 15, 16, 18 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid is dócha go bhfágann na cearta sin go mbeadh sé dodhéanta na críocha sonracha a bhaint amach nó go gcuirfí bac tromchúiseach ar bhaint amach na gcríoch sin, agus a mhéid a bhfuil gá leis na maoluithe sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
3.  
I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagail 15, 16, 18, 19, 20 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid is dócha go bhfágann na cearta sin go mbeadh sé dodhéanta na críocha sonracha a bhaint amach nó go gcuirfí bac tromchúiseach ar bhaint amach na gcríoch sin, agus a mhéid a bhfuil gá leis na maoluithe sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.

▼B

4.  
I gcás ina bhfreastalaíonn próiseáil de chineál dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar chríoch eile ag an am céanna, ní bheidh feidhm ag na maoluithe ach amháin de phróiseáil a dhéanfar chun na gcríoch dá dtagraítear sna míreanna sin.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 156 Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun…
  • Aithris 157 Trí fhaisnéis ó chlárlanna a chúpláil, is féidir le taighdeoirí eolas nua a fháil a bhfuil ardluach leis i…
  • Aithris 158 I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an…
  • Aithris 159 I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch, ba cheart feidhm a bheith ag an…
  • Aithris 160 I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde stairiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an…
  • Aithris 162 I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críoch staidrimh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • ainm bréige a chur i bhfeidhm

    ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

    Article 4, point (5)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…