Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IX Airteagal 90

Airteagal 90 · Oibleagáidí rúndachta

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh lena leagtar amach cumhachtaí na n-údarás maoirseachta rochtain a fháil ar shonraí pearsanta, ar fhaisnéis agus ar áitribh faoi Airteagal 58(1)(e) agus (f) i ndáil le rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí rúndachta coibhéiseacha eile, i gcás inar gá agus inar comhréireach sin chun an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint a thabhairt chun réitigh leis an oibleagáid rúndachta.

Níl feidhm ag na rialacha sin ach maidir le sonraí pearsanta a fuarthas nó a gnóthaíodh i ngníomhaíocht atá cumhdaithe ag an oibleagáid sin.

Ní mór do gach Ballstát na rialacha sin a chur in iúl don Choimisiún faoin 25 Bealtaine 2018 agus aon leasú ina dhiaidh sin gan mhoill.

Téacs Airteagal 90leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 90

Oibleagáidí rúndachta

1.  
Féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh chun cumhachtaí na n-údarás maoirseachta a leagtar síos i bpointe (e) agus i bpointe (f) d'Airteagal 58(1) a leagan amach i ndáil le rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí rúndachta coibhéiseacha eile, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit nó faoi rialacha a bhunaigh comhlachtaí náisiúnta inniúla, i gcás gur gá sin agus gur comhréireach é chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an oibleagáid rúndachta. Ní bheidh feidhm ag na rialacha sin ach maidir le sonraí pearsanta a fhaigheann an rialaitheoir nó an próiseálaí ó ghníomhaíocht atá cumhdaithe leis an oibleagáid rúndachta sin.
2.  
Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 164 Maidir le cumhachtaí na n-údarás maoirseachta rochtain a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí ar shonraí…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…