Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IX Airteagal 86

Airteagal 86 · Próiseáil agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Féadfaidh údarás poiblí, comhlacht poiblí nó comhlacht príobháideach sonraí pearsanta i ndoiciméid oifigiúla atá ina sheilbh chun cúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chomhlíonadh a nochtadh i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil sé faoina réir.

Is é is aidhm don nochtadh rochtain an phobail ar dhoiciméid oifigiúla a thabhairt chun réitigh leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint faoin Rialachán.

Téacs Airteagal 86leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 86

Próiseáil agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla

Maidir le sonraí pearsanta atá i ndoiciméid oifigiúla a bhfuil seilbh ag údarás poiblí nó ag comhlacht poiblí nó comhlacht príobháideach orthu chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh an t-údarás nó an comhlacht iad a nochtadh, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás poiblí nó an comhlacht faoina réir, chun réiteach a dhéanamh idir rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

• Aithris 154 Leis an Rialachán seo is féidir prionsabal na rochtana poiblí ar dhoiciméid oifigiúla a chur san áireamh agus…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

• sonraí pearsanta

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• próiseáil

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

Article 4, point (2)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…