Caibidil VIII Airteagal 84
Airteagal 84 · Pionóis
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Leigheasanna, dliteanas agus fíneálacha
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní mór do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis eile ar sháruithe ar an Rialachán, go háirithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fíneálacha riaracháin faoi Airteagal 83, agus gach beart is gá a dhéanamh lena gcur chun feidhme. Ní mór na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Bhí ar gach Ballstát a fhorálacha a chur in iúl don Choimisiún faoin 25 Bealtaine 2018; aon leasú orthu, ní mór é a chur in iúl gan mhoill.
Téacs Airteagal 84leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 84
Pionóis
1.
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go hairithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fínealacha ariaracháin de bhun Airteagal 83, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.
Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 149 Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na rialacha maidir le pionóis choiriúla a leagan síos do sháruithe ar…
- Aithris 152 I gcás nach ndéanann an Rialachán seo pionóis riaracháin a chomhchuibhiú nó nuair is gá i gcásanna eile, mar…