Caibidil IV Roinn 4 Airteagal 39
Airteagal 39 · Cúraimí an oifigigh cosanta sonraí
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Measúnuithe tionchair, oifigigh cosanta sonraí, cóid agus deimhniú
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tá na cúraimí seo ar a laghad ag an oifigeach cosanta sonraí:
- an rialaitheoir nó an próiseálaí agus na fostaithe a dhéanann próiseáil a chur ar an eolas agus comhairle a thabhairt dóibh faoina n-oibleagáidí;
- faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin, forálacha eile de dhlí an Aontais nó de dhlí Ballstáit maidir le cosaint sonraí agus bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí;
- comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin, maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a chur i gcrích; agus
- comhoibriú leis an údarás maoirseachta agus gníomhú mar phointe teagmhála dó.
Ní mór don oifigeach aird chuí a thabhairt ar an riosca a bhaineann le hoibríochtaí próiseála.
Téacs Airteagal 39leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 39
Cúraimí an oifigigh cosanta sonraí
Beidh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag an oifigeach cosanta sonraí:
fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí agus do na fostaithe a dhéanann an phróiseáil, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo agus de bhun dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó de bhun fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí;
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ar chomhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó ar chomhlíonadh fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí, agus ar chomhlíonadh bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n- freagrachtaí a shannadh, cur leis an bhfeasacht agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;
comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin air maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 33;
comhoibriú leis an údarás maoirseachta; agus
gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta i dtaobh saincheisteanna a bhaineann leis an bpróiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 36, agus dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar eile.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 97 I gcás inar údarás poiblí a dhéanann an phróiseáil, cé is moite de chúirteanna nó d'údaráis bhreithiúnacha…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)
próiseáil

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

Article 4, point (2)
rialaitheoir

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

Article 4, point (7)
próiseálaí

(8)

ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

Article 4, point (8)
údarás maoirseachta

(21)

ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

Article 4, point (21)