Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 4 Airteagal 37

Airteagal 37 · An t-oifigeach cosanta sonraí a ainmniú

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Measúnuithe tionchair, oifigigh cosanta sonraí, cóid agus deimhniú

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór don rialaitheoir agus don phróiseálaí oifigeach cosanta sonraí a cheapadh i gcás:

  • go ndéanann údarás nó comhlacht poiblí an phróiseáil (seachas cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach);
  • gurb é atá ina bpríomhghníomhaíochtaí oibríochtaí próiseála lena gceanglaítear faireachán rialta agus córasach ar ábhair sonraí ar mhórscála; nó
  • gurb é atá ina bpríomhghníomhaíochtaí próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta.

I gcásanna eile, féadfaidh siad oifigeach a cheapadh, agus ní mór dóibh é a dhéanamh i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

Tá pointe (c) de mhír 1 mar a ceartaíodh é sa leagan Gaeilge leis an gceartúchán an 23 Bealtaine 2018 (IO L 127, lch. 3): “nó” atá ann; “agus” a bhí sa téacs mar a foilsíodh ar dtús é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cathain is gá oifigeach cosanta sonraí Ceapann an rialaitheoir nó an próiseálaí oifigeach cosanta sonraí, rud a thaispeántar mar dhuine le suaitheantas sciath. Is gá sin i gcás ina ndéanann údarás poiblí nó comhlacht poiblí an phróiseáil, seachas cúirteanna atá ag gníomhú dóibh faoina gcumas breithiúnach; nó i gcás gurb é atá i bpríomhghníomhaíochtaí faireachán rialta córasach ar ábhair sonraí ar mhórscála; nó i gcás gurb é atá i bpríomhghníomhaíochtaí próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta. Leanann an pictiúr an téacs Gaeilge mar a ceartaíodh é leis an gceartúchán an 23 Bealtaine 2018 (IO L 127, lch. 3): tá “nó” i bpointe (c), áit a raibh “agus” sa téacs mar a foilsíodh ar dtús é. I gcásanna eile, féadfar oifigeach cosanta sonraí a cheapadh, agus ní mór é a cheapadh i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. Rialaitheoir nó Próiseálaí ceapann oifigeach cosanta sonraí ní mór, i gcás: próiseáil ag údarás nó comhlacht poiblí ní do: cúirteanna faoina gcumas breithiúnach nó príomhghníomhaíochtaí: faireachán rialta córasach, ar ábhair sonraí, ar mhórscála nó príomhghníomhaíochtaí: próiseáil mhórscála catagóirí speisialta sonraí nó sonraí faoi chiontuithe coiriúla agus cionta Dlí an Aontais nó dlí Ballstáit i gcásanna eile: cead ní mór, má éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit é

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 37leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 37

An t-oifigeach cosanta sonraí a ainmniú

1.  

Ceapfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí oifigeach cosanta sonraí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

tá an phróiseáil á déanamh ag údarás nó comhlacht poiblí, ach amháin cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;

(b) 

is é atá i bpríomhghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí oibríochtaí próiseála lena gceanglaítear, de bhua chineál, raon feidhme agus/nó chuspóirí na n-oibríochtaí, go ndéantar faireachán rialta agus córasach mórscála ar na hábhair sonraí; nó

▼C1

(c) 

is é atá i bpríomhghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta de bhun Airteagal 9 nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10.

▼B

2.  
Féadfaidh grúpa gnóthas oifigeach cosanta sonraí amháin a cheapadh ar choinníoll go bhfuil rochtain éasca ar oifigeach cosanta sonraí ó gach ceann de na bunaíochtaí.
3.  
I gcás inar údarás nó comhlacht poiblí é an rialaitheoir nó an próiseálaí, féadfar an t-aon oifigeach amháin cosanta sonraí a cheapadh i gcás na n-údarás éagsúil nó na gcomhlachtaí éagsúla sin, agus struchtúr eagraíochtúil agus méid na n-údarás nó na gcomhlachtaí á gcur san áireamh.
4.  
I gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nó comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe, oifigeach cosanta sonraí a cheapadh, nó i gcás inar gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ceapfaidh siad é. Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí gníomhú do chomhlachais agus do chomhlachtaí eile mar sin a dhéanann ionadaíocht thar ceann rialaitheoirí nó próiseálaithe.
5.  
Ceapfar an t-oifigeach cosanta sonraí bunaithe ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar an méid saineolais atá ag an duine maidir le dlí agus cleachtais um chosaint sonraí agus ar chumas an duine na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 a chomhlíonadh.
6.  
Féadfaidh sé gur comhalta foirne de chuid an rialaitheora nó an phróiseálaí é an t-oifigeach cosanta sonraí, nó d'fhéadfadh an t-oifigeach na cúraimí sin a chomhlíonadh ar bhonn conartha seirbhíse.
7.  
Foilseoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí agus cuirfidh sé iad in iúl don údarás maoirseachta.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 97 I gcás inar údarás poiblí a dhéanann an phróiseáil, cé is moite de chúirteanna nó d'údaráis bhreithiúnacha…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

  • grúpa gnóthas

    ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú;

    Article 4, point (19)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…