Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil IV Roinn 3 Airteagal 36

Airteagal 36 · Réamhchomhairliúchán

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Measúnuithe tionchair, oifigigh cosanta sonraí, cóid agus deimhniú

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór don rialaitheoir dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta roimh an bpróiseáil i gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 go mbeadh ardriosca mar thoradh ar an bpróiseáil mura ndéanfadh an rialaitheoir bearta chun an riosca a mhaolú.

Má mheasann an t-údarás go sárófaí an Rialachán leis an bpróiseáil, ní mór dó comhairle i scríbhinn a thabhairt laistigh de thréimhse suas le hocht seachtaine ón iarraidh a fháil, tréimhse is féidir a shíneadh sé seachtaine i gcás próiseáil chasta, agus féadfaidh sé a chumhachtaí faoi Airteagal 58 a úsáid.

Féadfaidh dlí Ballstáit réamhchomhairliúchán agus údarú a cheangal freisin i gcás próiseála le haghaidh cúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail.

Réamhchomhairliúchán Má léirítear i measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais beart a ghlacfadh an rialaitheoir chun é a mhaolú, téann an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta roimh an bpróiseáil, rud a thaispeántar mar shaighead ón rialaitheoir chuig an údarás. Má mheasann an t-údarás go sáródh an phróiseáil an Rialachán, seolann sé comhairle i scríbhinn ar ais chuig an rialaitheoir laistigh de thréimhse suas le hocht seachtaine ón iarraidh, tréimhse is féidir a shíneadh sé seachtaine i gcás próiseáil chasta, agus féadfaidh sé a chumhachtaí faoi Airteagal 58 a úsáid. má: léiríonn an measúnú tionchair ardriosca in éagmais beart maolaithe rialaitheoir údarás maoirseachta comhairliú roimh an bpróiseáil má: sháródh an phróiseáil Teachtaireacht seolta comhairle scríofa suas le 8 seachtaine is féidir síneadh 6 seachtaine cead a chumhachtaí faoi Airt. 58

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 36leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 36

Réamhchomhairliúchán

1.  
Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil i gcás ina léirítear sa mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 gur dóchúil go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú.
2.  
I gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás maoirseachta comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse ocht seachtaine ar a laghad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, nuair is infheidhme ar an bpróiseálaí, féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. ►C2  Cuirfidh an t-údarás maoirseachta an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh faisnéis a d'iarr an t-údarás maoirseachta chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige. ◄
3.  

Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:

(a) 

nuair is infheidhme, freagrachtaí faoi seach an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil, go háirithe le haghaidh próiseáil laistigh de ghrúpa gnólachtaí;

(b) 

críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;

(c) 

na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo;

(d) 

nuair is infheidhme, sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

(e) 

an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35; agus

(f) 

aon fhaisnéis eile a iarrann an t-údarás maoirseachta.

4.  
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás maoirseachta agus togra á ullmhú acu le haghaidh bearta reachtacha atá le glacadh ag parlaimint náisiúnta nó le haghaidh beart rialála bunaithe ar bheart reachtach den sórt sin, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.
5.  
D'ainneoin mhír 2, féadfar, le dlí Ballstáit, a cheangal ar na rialaitheoirí dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, agus údarú a fháil uaidh roimh ré, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfadh an rialaitheoir cúram éigin a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear an phróiseáil i ndáil le coimirce shóisialta agus sláinte phoiblí.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 84 D'fhonn feabhas a chur ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, i gcás inar dócha, leis na hoibríochtaí próiseála…
  • Aithris 94 I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí…
  • Aithris 96 D'fhonn a áirithiú go bhfuil an phróiseáil a bheartaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, go…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…