Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil VII Roinn 2 Airteagal 67

Airteagal 67 · Malartú faisnéise

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ghlacadh chun na socruithe a shonrú maidir le malartú faisnéise trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 64. Glactar iad faoin nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Téacs Airteagal 67leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 67

Malartú faisnéise

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh d'fhonn na socruithe a shonrú le haghaidh malartú faisnéise trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 64.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 168 Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le clásail…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…