In imthosca eisceachtúla, i gcás ina measann údarás maoirseachta lena mbaineann go bhfuil gá práinneach le gníomhú chun cearta agus saoirsí ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh sé, de mhaolú ar Airteagail 60 agus 63 go 65, bearta sealadacha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu a ghlacadh láithreach ar a chríoch féin, bearta a bheidh bailí ar feadh trí mhí ar a mhéad.
Ní mór dó iad a chur in iúl, mar aon leis na cúiseanna, do na húdaráis eile lena mbaineann, don Bhord agus don Choimisiún.
I gcás inar gá go práinneach bearta críochnaitheacha a ghlacadh, féadfaidh sé tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ar an mBord; féadfaidh aon údarás maoirseachta é sin a dhéanamh i gcás nach ndearna údarás inniúil beart iomchuí d'ainneoin gá práinneach le gníomhú. Glacann an Bord iad laistigh de choicís trí thromlach simplí.
Tríd an sásra comhsheasmhachta, tugann an Bord tuairimí ar dhréachtbhearta liostaithe agus réitíonn sé díospóidí idir údaráis mhaoirseachta trí chinntí ceangailteacha; i gcásanna práinneacha, féadfaidh údarás gníomhú go sealadach.An gníomh i bpictiúir
Téacs Airteagal 66 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 66
Nós imeachta práinne
1.
In imthosca eisceachtúla, má mheasann údarás maoirseachta lena mbaineann go bhfuil géarghá le gníomhú chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh sé, de mhaolú ar an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, 64 agus 65 nó de mhaolú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 60, bearta sealadacha a ghlacadh láithreach bonn, ar bearta iad a cheapfar chun go mbeadh éifeachtaí dlí acu ar a chríoch féin agus tréimhse bailíochta, nach mó ná trí mhí, a bheith sonraithe ina leith. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta sin agus na cúiseanna lena nglacadh a chur in iúl gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, don Bhord agus don Choimisiún.
2.
I gcás ina bhfuil beart déanta ag údarás maoirseachta de bhun mhír 1 agus ina measann sé gur gá bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar bhonn práinne, féadfaidh sé tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ar an mBord, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim nó leis an gcinneadh sin a iarraidh.
3.
Féadfaidh aon údarás maoirseachta tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach, de réir mar a bheidh, a iarraidh ar an mBord, i gcás nach bhfuil an beart cuí glactha ag údarás maoirseachta inniúil i gcásanna ina bhfuil gá práinneach le gníomhú, chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim sin nó leis an gcinneadh sin a iarraidh, lena n-áirítear leis an bpráinn atá le gníomhú.
4.
De mhaolú ar Airteagal 64(3) agus ar Airteagal 65(2), glacfar tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo laistigh de choicís, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 137D'fhéadfadh sé go mbeadh gá práinneach le dul i mbun gnímh chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:
(a) go bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe ar chríoch Bhallstát an údaráis maoirseachta sin;
(b) go bhfuil éifeacht shubstainteach nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mBallstát an údaráis maoirseachta sin; nó
(c) go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin;