Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil VII Roinn 2 Airteagal 65

Airteagal 65 · Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Údaráis mhaoirseachta, comhar agus an Bord

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Glacann an Bord cinneadh ceangailteach:

  1. (a) i gcás inar ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha réasúnaithe i gcoinne dhréachtchinneadh an phríomhúdaráis maoirseachta faoi Airteagal 60(4) agus nár lean an príomhúdarás maoirseachta í nó gur dhiúltaigh sé di ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe;
  2. (b) i gcás ina bhfuil tuairimí contrártha ann maidir le cén t-údarás atá inniúil ar an bpríomhbhunaíocht; nó
  3. (c) i gcás nach n-iarrann údarás inniúil tuairim faoi Airteagal 64, nó nach leanann sé í.

Cinneann sé laistigh de mhí amháin, is féidir a shíneadh mí eile, trí thromlach dhá thrian, agus mura n-éiríonn leis sin, trí thromlach simplí; tá an cinneadh ina cheangal ar na húdaráis lena mbaineann.

An sásra comhsheasmhachta An sásra comhsheasmhachta: chun cur le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin ar fud an Aontais, comhoibríonn na húdaráis mhaoirseachta lena chéile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún. Tuairim ón mBord (Airteagal 64): údarás maoirseachta inniúil atá ar intinn aige ceann de na bearta a liostaítear in Airteagal 64(1) a ghlacadh, amhail rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas, cuireann sé a dhréachtchinneadh in iúl don Bhord, a eisíonn tuairim laistigh d'ocht seachtaine, is féidir a shíneadh sé seachtaine; ní mór don údarás an aird is mó a thabhairt uirthi, agus mura leanann sé í, tá feidhm ag Airteagal 65(1). Cinneadh ceangailteach ón mBord (Airteagal 65), i gcás: (a) gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás maoirseachta agus nár lean an príomhúdarás an agóid nó gur dhiúltaigh sé di ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe (foclaíocht mar a ceartaíodh í leis an gceartúchán an 23 Bealtaine 2018, IO L 127, lch. 3); (b) go bhfuil tuairimí contrártha ann maidir le cé acu de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann atá inniúil don phríomhbhunaíocht; (c) nach n-iarrann údarás inniúil tuairim ón mBord faoi Airteagal 64(1) nó nach leanann sé í. Cinneann an Bord laistigh de mhí amháin, is féidir a shíneadh mí amháin, trí thromlach dhá thrian, agus tá a chinneadh ina cheangal ar na húdaráis lena mbaineann. Nós imeachta práinne (Airteagal 66): in imthosca eisceachtúla, i gcás ina bhfuil gá práinneach le gníomhú chun cearta agus saoirsí ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh údarás maoirseachta lena mbaineann bearta sealadacha a ghlacadh láithreach ar a chríoch féin, a bheidh bailí ar feadh trí mhí ar a mhéad. An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí sásra comhsheasmhachta cur i bhfeidhm comhsheasmhach ar fud an Aontais tuairim ón mBord Airt. 64 dréachtbheart liostaithe, m.sh. rialacha ceangailteacha corparáideacha Údarás maoirseachta dréachtchinneadh An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí laistigh de 8 seachtaine is féidir síneadh 6 seachtaine tugann an t-údarás an aird is mó uirthi; mura leanann sé í: cinneadh ceangailteach cinneadh ceangailteach ón mBord Airt. 65 i gcás: (a) agóid ábhartha réasúnaithe i gcoinne dhréacht an phríomhúdaráis, nár leanadh nó a diúltaíodh (b) tuairimí contrártha faoin údarás atá inniúil don phríomhbhunaíocht (c) tuairim faoi Airt. 64 gan iarraidh nó gan leanúint laistigh de mhí is féidir síneadh míosa tromlach dhá thrian, ceangailteach ar na húdaráis lena mbaineann nós imeachta práinne Airt. 66 má: imthosca eisceachtúla, práinn le gníomhú cead bearta sealadacha ar a chríoch féin trí mhí ar a mhéad
Tríd an sásra comhsheasmhachta, tugann an Bord tuairimí ar dhréachtbhearta liostaithe agus réitíonn sé díospóidí idir údaráis mhaoirseachta trí chinntí ceangailteacha; i gcásanna práinneacha, féadfaidh údarás gníomhú go sealadach. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 65leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 65

Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.  

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a) 

►C1  más amhlaidh, i gcás dá dtagraítear in Airteagal 60(4), gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás maoirseachta agus i gcás nár lean an príomhúdarás maoirseachta an agóid nó i gcás inar dhiúltaigh an príomhúdarás d'agóid den sórt sin ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe. ◄ Bainfidh an cinneadh ceangailteach leis na ceisteanna go léir atá ina n-ábhar don agóid ábhartha réasúnaithe, go háirithe an ann do shárú ar an Rialachán seo;

(b) 

i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann is inniúil maidir leis an bpríomhbhunaíocht;

(c) 

I gcás nach n-iarrfaidh údarás inniúil maoirseachta tuairim an Bhoird sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 64(1), nó i gcás nach ndéanfaidh sé tuairim an Bhoird, a eisíodh faoi Airteagal 64, a leanuint. Sa chás sin, féadfaidh aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a chur in iúl don Bhord.

2.  
Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin.
3.  
I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an Bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach.
4.  
Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.
5.  
Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an Bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 6.
6.  
Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n-údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 136 Agus an sásra comhsheasmhachta á chur i bhfeidhm aige, ba cheart don Bhord tuairim a eisiúint, laistigh de…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • próiseálaí

    ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

    Article 4, point (8)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

  • údarás maoirseachta lena mbaineann

    ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:

    • (a) go bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe ar chríoch Bhallstát an údaráis maoirseachta sin;
    • (b) go bhfuil éifeacht shubstainteach nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mBallstát an údaráis maoirseachta sin; nó
    • (c) go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin;

    Article 4, point (22)

  • agóid ábhartha réasúnaithe

    ciallaíonn “agóid ábhartha réasúnaithe” agóid i gcoinne dréachtchinneadh i dtaca le cibé an ann do shárú ar an Rialachán seo nó nach ann dó, nó an gcomhlíonann an gníomhaíocht a bheartaítear i dtaca leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí an Rialachán seo, agóid a thaispeánann go soiléir suntasacht na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an dréachtchinneadh maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas;

    Article 4, point (24)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…