Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí mar chomhlacht de chuid an Aontais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige, agus is é a Chathaoirleach a dhéanann ionadaíocht thar a cheann.
Is é atá ann ceann údarás maoirseachta amháin de chuid gach Ballstáit agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach; ceapann Ballstát a bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin aige ionadaí comhpháirteach.
Tá sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird gan cead vótála. I gcásanna faoi Airteagal 65, ní vótálann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ach ar chinntí a bhaineann le prionsabail agus rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na prionsabail agus rialacha sa Rialachán.
Tugann an Bord le chéile cinn na n-údarás maoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, gníomhaíonn sé go neamhspleách agus áirithíonn sé cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin.An gníomh i bpictiúir
Téacs Airteagal 68 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 68
An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
1.
Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.
2.
Is é Cathaoirleach an Bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.
3.
Ar an mBord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach Ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.
4.
I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mBallstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.
5.
Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird gníomhaíochtaí an Bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.
6.
Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 139D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, ba cheart an Bord a chur ar bun mar…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;