Caibidil VII Cuid 3 Airteagal 71
Airteagal 71 · Tuarascálacha
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní mór don Bhord tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil san Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Cuirtear an tuarascáil ar fáil go poiblí agus tarchuirtear chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún í. Áirítear inti athbhreithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil threoirlínte, mholtaí agus chleachtais is fearr an Bhoird agus a chinntí ceangailteacha faoi Airteagal 65.
Téacs Airteagal 71leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 71
Tuarascálacha
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
eagraíocht idirnáisiúnta
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.
Article 4, point (26)