Caibidil III Roinn 4 Airteagal 22
Airteagal 22 · Cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Cinntí uathoibrithe agus próifíliú
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige maidir leis nó léi nó a dhéanann difear suntasach dó nó di ar bhealach comhchosúil.
Níl feidhm aige sin más amhlaidh atá an cinneadh:
- riachtanach chun conradh leis an rialaitheoir a dhéanamh nó a chomhlíonadh;
- údaraithe le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit lena leagtar síos coimircí oiriúnacha; nó
- bunaithe ar thoiliú sainráite an ábhair sonraí.
I gcás conartha agus i gcás toiliú, ní mór don rialaitheoir coimircí oiriúnacha a chur chun feidhme, ar a laghad an ceart idirghabháil dhaonna a fháil, a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl agus an cinneadh a chonspóid.
Ní fhéadfaidh cinntí den sórt sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (a) nó (g) d'Airteagal 9(2) agus go bhfuil coimircí oiriúnacha i bhfeidhm.
Téacs Airteagal 22leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 22
Cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú
Ní bheidh feidhm ag mír 1 más fíor an méid seo a leanas i dtaca leis an gcinneadh:
tá sé riachtanach chun conradh a dhéanamh nó a fheidhmiú idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir sonraí;
údaraítear é faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena leagtar síos freisin bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú; nó
tá sé bunaithe ar thoiliú sainráite an ábhair sonraí.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 71 Ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh, a bhféadfadh beart a bheith…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
próifíliú
ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;
Article 4, point (4)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
toiliú
ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;
Article 4, point (11)