Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil III Roinn 5 Airteagal 23

Airteagal 23 · Srianta

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Raon feidhme agus díolúintí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, trí bheart reachtach, raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart in Airteagail 12 go 22 agus 34 a shrianadh, agus raon feidhme Airteagal 5 a mhéid a fhreagraíonn sé dóibh, ach amháin i gcás ina bhfuil an srian:

• ag urramú éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha; agus
• ina bheart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach chun cuspóir atá liostaithe i mír 1 a choimirciú, amhail slándáil náisiúnta, cosaint, slándáil phoiblí, cionta coiriúla agus pionóis, cuspóirí tábhachtacha eile de leas ginearálta an phobail, cosaint an ábhair sonraí nó chearta agus shaoirsí daoine eile, nó forfheidhmiú éileamh faoin dlí sibhialta.

Liostaítear i mír 2 na nithe dá gcaithfidh an beart foráil go sonrach, i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear coimircí chun mí-úsáid a chosc agus an ceart a bheith curtha ar an eolas faoin srian mura ndéanfadh sé sin dochar do chuspóir an tsriain.

Srianta le dlí Féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, trí bheart reachtach, srian a chur le cearta agus oibleagáidí Airteagail 12 go 22 agus 34, agus Airteagal 5 a mhéid a fhreagraíonn sé dóibh, má urramaíonn an srian croílár na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus más beart riachtanach comhréireach é i sochaí dhaonlathach chun cuspóir a liostaítear in Airteagal 23(1) a choimirciú, amhail slándáil náisiúnta, cosaint, slándáil phoiblí, cionta coiriúla nó forfheidhmiú éileamh faoin dlí sibhialta. Ní mór forálacha sonracha a bheith sa bheart, i gcás inarb ábhartha, amhail coimircí in aghaidh mí-úsáide agus ceart an ábhair sonraí go gcuirfí ar an eolas é nó í faoin srian. má: urramaíonn sé croílár na gceart bunúsach má: riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach má: chun cuspóir de chuid mhír 1 a choimirciú amhail slándáil náisiúnta, cosaint, slándáil phoiblí, cionta coiriúla nó éilimh faoin dlí sibhialta dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cead srian, trí bheart reachtach, Faisnéis Rochtain Ceartú Léirscriosadh Srianadh ar phróiseáil Iniomparthacht sonraí Agóid Córas uathoibrithe ar na cearta agus na hoibleagáidí in Airt. 12 go 22 agus 34 agus in Airt. 5 a mhéid a fhreagraíonn sé dóibh le forálacha sonracha, i gcás inarb ábhartha amhail coimircí in aghaidh mí-úsáide (mír 2)
Ní fhéadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cearta an ábhair sonraí a shrianadh trí bheart reachtach ach amháin i gcás ina n-urramaíonn sé éirim na gceart bunúsach agus gur beart riachtanach comhréireach é chun cuspóir a liostaítear in Airteagal 23(1) a choimirciú. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 23leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 23

Srianta

1.

Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

(a)

an tslándáil náisiúnta;

(b)

an chosaint;

(c)

an tslándáil phoiblí;

(d)

cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

(e)

cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

(f)

neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;

(g)

chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;

(h)

feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);

(i)

an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;

(j)

éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.

2.

Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála,

(b)

catagóirí na sonraí pearsanta,

(c)

raon feidhme na srianta a thugtar isteach,

(d)

na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc;

(e)

sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí,

(f)

na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh;

(g)

na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus

▼C2

(h)

an ceart atá ag na hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain.

▼B

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

• Aithris 19 Maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta…
• Aithris 41 Aon áit a dhéanann an Rialachán seo tagairt do bhunús dlí nó do bheart reachtach, ní gá go mbeadh gníomh…
• Aithris 73 Maidir le srianta a bhaineann le prionsabail shonracha agus leis na cearta chun faisnéis a fháil, chun…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

• sonraí pearsanta

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• ábhar sonraí

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• próiseáil

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

Article 4, point (2)

• rialaitheoir

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

Article 4, point (7)

• próiseálaí

(8)

ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

Article 4, point (8)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…