Caibidil I Airteagal 3
Airteagal 3 · Raon feidhme críochach
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Raon feidhme agus díolúintí
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tá feidhm ag an Rialachán maidir le próiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an phróiseáil san Aontas.
Tá rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas faoi réir an Rialacháin freisin nuair a phróiseálann sé sonraí pearsanta ábhar sonraí atá san Aontas agus nuair a bhaineann an phróiseáil:
- le hearraí nó seirbhísí a thairiscint dóibh, is cuma an gá íocaíocht a dhéanamh; nó
- le faireachán a dhéanamh ar a n-iompar, a mhéid a tharlaíonn an t-iompar sin laistigh den Aontas.
Tá feidhm aige freisin maidir le rialaitheoir nach bhfuil bunaithe san Aontas ach atá bunaithe in áit a bhfuil feidhm ag dlí Ballstáit de bhua dlí poiblí idirnáisiúnta.
Téacs Airteagal 3leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 3
Raon feidhme críochach
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil arna déanamh ag rialaitheoir nó ag próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta ábhar sonraí atá san Aontas, i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála leis an méid seo a leanas:
seirbhísí nó earraí a thairiscint d'ábhair sonraí den chineál sin san Aontas, is cuma an gá don ábhar sonraí íocaíocht a dhéanamh; nó
faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin chomh fada agus a dhéantar a n-iompar siúd laistigh den Aontas.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 22 Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid…
- Aithris 23 Chun a áirithiú nach ndéantar an chosaint atá daoine nádúrtha i dteideal a fháil faoin Rialachán seo a bhaint…
- Aithris 24 An phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na…
- Aithris 25 I gcás ina bhfuil feidhm ag dlí Ballstáit de bhua dlí phoiblí idirnáisiúnta, ba cheart feidhm a bheith ag an…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)