Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil II Airteagal 5

Airteagal 5 · Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Bunúis dhleathacha le haghaidh próiseála, Trédhearcacht agus faisnéis

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór sonraí pearsanta:

  • a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus go trédhearcach;
  • a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus gan iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin;
  • a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá;
  • a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, a choimeád suas le dáta;
  • a choinneáil i bhfoirm inar féidir na hábhair sonraí a shainaithint ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá; agus
  • a phróiseáil le slándáil iomchuí.

Ní mheastar tuilleadh próiseála chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh a bheith ar neamhréir, agus féadfar sonraí a phróiseáiltear chun na gcríoch sin amháin a stóráil níos faide, i gcomhréir le hAirteagal 89(1) agus, maidir le stóráil, le bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla.

Is é an rialaitheoir atá freagrach as an gcomhlíonadh, agus ní mór dó a bheith in ann é a thaispeáint (“cuntasacht”).

Na prionsabail Sé thíl do phrionsabail Airteagal 5(1): (a) dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht; (b) teorannú de réir cuspóra, bailithe chun críocha sonraithe, sainráite agus dlisteanacha agus gan iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; (c) íoslaghdú sonraí, leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá; (d) cruinneas, cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádta suas le dáta; (e) teorannú stórála, coinnithe i bhfoirm inaitheanta ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá; (f) sláine agus rúndacht, slándáil iomchuí. Tá na lamháltais i bpointí (b) agus (e) ag cartlannú ar mhaithe le leas an phobail, taighde agus críocha staidrimh. Taispeánann meirge thíos an rialaitheoir agus an chuntasacht: is é an rialaitheoir atá freagrach as pointí (a) go (f) a chomhlíonadh, agus ní mór dó a bheith in ann an comhlíonadh sin a léiriú. (a) dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht (b) teorannú de réir cuspóra (c) íoslaghdú sonraí (d) cruinneas (e) teorannú stórála (f) sláine agus rúndacht Rialaitheoir cuntasacht: an rialaitheoir freagrach as, agus in ann a léiriú, comhlíonadh (a) go (f)

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 5leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 5

Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

1.  

Maidir le sonraí pearsanta:

(a) 

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b) 

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”);

(c) 

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

(d) 

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”);

(e) 

déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d'fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);

(f) 

déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”);

2.  
Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 39 Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith dleathach agus cothrom. Ba cheart é a…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…