Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil II Airteagal 6

Airteagal 6 · Dleathacht na próiseála

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Bunúis dhleathacha le haghaidh próiseála, Toiliú, Leanaí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Níl próiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le foras amháin díobh seo a leanas ar a laghad:

1. (a) toiliú le haghaidh críoch shonrach amháin nó níos mó;
2. (b) is gá í le haghaidh conradh leis an ábhar sonraí (nó le bearta arna iarraidh sin dó nó di sula ndéantar conradh);
3. (c) is gá í le haghaidh oibleagáid dhlíthiúil atá ar an rialaitheoir;
4. (d) is gá í chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint;
5. (e) is gá í le haghaidh cúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir; nó
6. (f) is gá í chun críocha na leasanna dlisteanacha atá ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí.

Géilleann leasanna dlisteanacha do leasanna sáraitheacha nó do chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, go háirithe más leanbh é, agus níl siad ar fáil d'údaráis phoiblí i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Tá pointí (c) agus (e) bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit, agus féadfaidh na Ballstáit forálacha níos sonraí a dhéanamh ina leith.

Bunúis dhleathacha Níl an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm le foras amháin ar a laghad, agus a mhéid atá feidhm leis. Foras (a): toiliú an ábhair sonraí do chríoch shonrach amháin nó níos mó. Ceanglaítear sna cúig fhoras eile gur gá an phróiseáil: do chonradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí, nó do bhearta arna iarraidh sin aige nó aici sula ndéantar conradh; chun oibleagáid dhlíthiúil de chuid an rialaitheora a chomhlíonadh; chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint; do chúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir; nó do leasanna dlisteanacha an rialaitheora nó tríú páirtí, mura bhfuil sáraíocht ag leasanna nó ag cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí orthu, go háirithe más leanbh é. Níl leasanna dlisteanacha ar fáil d'údaráis phoiblí agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu. níl próiseáil dleathach ach amháin má ceann ar a laghad i bhfeidhm toiliú do chríocha sonracha nó is gá le haghaidh: conradh leis an ábhar sonraí, nó bearta roimhe oibleagáid dhlíthiúil an rialaitheora leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile cúram ar son leas an phobail nó údarás oifigiúil leasanna dlisteanacha, mura sáraítear iad ní do: cúraimí údarás poiblí

An gníomh i bpictiúir

Tuilleadh próiseála chun críche eile Tuilleadh próiseála chun críche eile. Tá sonraí pearsanta a bailíodh chun críche amháin le próiseáil chun críche eile. I gcás nach bhfuil sé sin bunaithe ar thoiliú an ábhair sonraí ná ar dhlí de chuid an Aontais nó ar dhlí Ballstáit atá ina bheart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun na cuspóirí in Airteagal 23(1) a choimirciú, ní mór don rialaitheoir, d'fhonn fáil amach an bhfuil an chríoch nua comhoiriúnach leis an gcríoch bhunaidh, na nithe seo a chur san áireamh, i measc nithe eile: (a) aon nasc idir na críocha; (b) comhthéacs an bhailithe, go háirithe an caidreamh idir ábhair sonraí agus an rialaitheoir; (c) cineál na sonraí, go háirithe catagóirí speisialta faoi Airteagal 9 nó sonraí faoi chiontuithe coiriúla agus cionta faoi Airteagal 10; (d) na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann d'ábhair sonraí; (e) coimircí iomchuí, a bhféadfaidh criptiú nó ainm bréige a chur i bhfeidhm a bheith ina measc. críoch an bhailithe críoch eile Sonraí pearsanta má: níl sí bunaithe ar thoiliú ná ar dhlí faoi Airt. 23(1) comhoiriúnach? an rialaitheoir ag cur san áireamh, i measc eile: (a) nasc idir na críocha (b) comhthéacs an bhailithe (c) cineál na sonraí (Airt. 9, 10) (d) iarmhairtí féideartha d'ábhair sonraí (e) coimircí, m.sh. criptiú nó ainm bréige
I gcás nach bhfuil próiseáil chun críche nua bunaithe ar thoiliú ná ar dhlí faoi Airteagal 23(1), meáann an rialaitheoir cúig thoisc ar a laghad chun a fháil amach an bhfuil an chríoch nua comhoiriúnach leis an gcríoch bhunaidh. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 6leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 6

Dleathacht na próiseála

1.

Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

(a)

tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;

(b)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh;

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

(d)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint;

(e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

(f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t-ábhar sonraí.

Ní bheidh feidhm ag pointe (f) den chéad fhomhír maidir le próiseáil a dhéanann údaráis phoiblí i gcomhlíonadh a gcúraimí.

2.
Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos sonraí a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú i ndáil le próiseáil chun pointe (c) agus pointe (e) de mhír 1 a chomhlíonadh trí chinneadh níos cruinne a dhéanamh maidir le ceanglais shonracha don phróiseáil agus do na bearta eile chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú lena n-áirítear le haghaidh cásanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX.
3.

Déanfar an bunús don phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 1 a leagan síos leis méid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais; nó

(b)

dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Cinnfear críoch na próiseála sa bhunús dlí sin nó, maidir leis an bpróiseáil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, beidh ga léi le haghaidh cúram chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Féadfaidh forálacha sonracha a bheith sa bhunús dlí sin chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú, lena n-áirítear na coinníollacha ginearálta lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí ag an rialaitheoir; an cineálacha sonraí atá faoi réir a bpróiseála; na hábhair sonraí lena mbaineann; na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh agus na críocha ar chucu a bhféadfar iad a nochtadh dóibh; an teorannú de réir cuspóra; tréimhsí stórála; agus oibríochtaí próiseála agus nósanna imeachta próiseála, lena n-áirítear bearta chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú, amhail iad sin do staideanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX. Comhlíonfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cuspóir a bhaineann le leas an phobail agus beidh sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú.

4.

I gcás nach bhfuil an phróiseáil chun críche eile seachas an chríoch ar chuici a bailíodh na sonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú an ábhair sonraí nó ar dhlí de chuid an Aontais nó ar dhlí Ballstáit atá mar bheart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a choimirciú, déanfaidh an rialaitheoir, d'fhonn fáil amach an bhfuil críoch na próiseála ag luí leis na críocha sin ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, na nithe seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:

(a)

aon nasc idir na críocha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu agus na críocha atá leis an tuilleadh próiseála atá beartaithe;

(b)

an comhthéacs inar bailíodh na sonraí pearsanta, go háirithe maidir leis an ngaol idir na hábhair sonraí agus an rialaitheoir;

(c)

cineál na sonraí pearsanta, go háirithe an ndéantar catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil, de bhun Airteagal 9, nó an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna a phróiseáil, de bhun Airteagal 10;

(d)

na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann do na hábhair sonraí ag an tuilleadh próiseála atá beartaithe;

(e)

an bhfuil coimircí iomchuí ann, ar a bhféadfar a áirithiú criptiú a dhéanamh nó ainm bréige a chur i bhfeidhm.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

• Aithris 10 Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na…
• Aithris 40 Le go mbeidh an phróiseáil dleathach, ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn thoiliú an ábhair…
• Aithris 41 Aon áit a dhéanann an Rialachán seo tagairt do bhunús dlí nó do bheart reachtach, ní gá go mbeadh gníomh…
• Aithris 44 Ba cheart próiseáil a bheith dleathach i gcás inar gá sin i gcomhthéacs conartha nó i gcás ina bhfuil sé…
• Aithris 45 I gcás ina ndéantar próiseáil i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó i…
• Aithris 46 Ba cheart a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach freisin nuair is gá é a dhéanamh chun leas a…
• Aithris 47 Le leasanna dlisteanacha rialaitheora, lena n-áirítear leasanna dlisteanacha rialaitheora a bhféadfar sonraí…
• Aithris 48 Féadfaidh leas dlisteanach a bheith ag rialaitheoirí, ar cuid de ghrúpa gnóthas nó institiúidí atá…
• Aithris 49 An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a mhéid atá sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun…
• Aithris 50 Níor cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha seachas na críocha sin ar chucu a…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

• sonraí pearsanta

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• ábhar sonraí

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• próiseáil

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

Article 4, point (2)

• ainm bréige a chur i bhfeidhm

(5)

ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

Article 4, point (5)

• rialaitheoir

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

Article 4, point (7)

• tríú páirtí

(10)

ciallaíonn “tríú páirtí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, chun na sonraí a phróiseáil;

Article 4, point (10)

• toiliú

(11)

ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

Article 4, point (11)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…