Caibidil VII Cuid 3 Airteagal 74
Airteagal 74 · Cúraimí an Chathaoirligh
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tionólann an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird agus ullmhaíonn sé a chlár oibre, tugann sé fógra faoi chinntí ceangailteacha an Bhoird faoi Airteagal 65 don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, agus áirithíonn sé go gcomhlíontar cúraimí an Bhoird go tráthúil, go háirithe i ndáil leis an sásra comhsheasmhachta. Leagann an Bord síos ina rialacha nós imeachta conas a roinntear na cúraimí idir an Cathaoirleach agus na leaschathaoirligh.
Téacs Airteagal 74leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 74
Cúraimí an Chathaoirligh
Is iad na cúraimí seo a leanas a bheidh ar an gcathaoirleach:
cruinnithe an Bhoird a thionól agus a chlár oibre a ullmhú;
cinntí a ghlac an Bord de bhun Airteagal 65 a chur in iúl don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann;
feidhmiú tráthúil chúraimí an Bhoird a áirithiú, go háirithe i ndáil leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 65.
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)
údarás maoirseachta lena mbaineann
ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:
- (a) go bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe ar chríoch Bhallstát an údaráis maoirseachta sin;
- (b) go bhfuil éifeacht shubstainteach nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mBallstát an údaráis maoirseachta sin; nó
- (c) go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin;
Article 4, point (22)