Caibidil VII Cuid 3 Airteagal 75
Airteagal 75 · An Rúnaíocht
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tá rúnaíocht ag an mBord a sholáthraíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí; comhlíonann sí a cúraimí faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird amháin agus soláthraíonn sí tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochta.
Tá foireann an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a chomhlíonann cúraimí an Bhoird faoi réir línte tuairiscithe ar leith seachas an fhoireann a chomhlíonann cúraimí an Mhaoirseora féin.
Tá an rúnaíocht freagrach go háirithe as:
- gnó laethúil an Bhoird;
- cumarsáid;
- aistriúchán;
- cruinnithe; agus
- ullmhú, dréachtú agus foilsiú na dtéacsanna a ghlacann an Bord.
Téacs Airteagal 75leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 75
An Rúnaíocht
Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:
gnó laethúil an Bhoird;
an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;
cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;
úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;
faisnéis ábhartha a aistriú;
cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;
tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 140 Ba cheart do rúnaíocht arna soláthar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cúnamh a thabhairt don…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)