Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil VII Cuid 3 Airteagal 76

Airteagal 76 · Rúndacht

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tá pléití an Bhoird faoi rún i gcás ina measann an Bord gur gá sin, mar a fhoráiltear ina rialacha nós imeachta. Rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 rochtain ar dhoiciméid a chuirtear faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird, saineolaithe agus ionadaithe tríú páirtithe.

Téacs Airteagal 76leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 76

Rúndacht

1.  
Beidh plé an Bhoird faoi rún i gcás go measann an Bord gur gá sin, de réir mar a bhforáiltear dó sin ina rialacha nós imeachta.
2.  
Le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) rialófar rochtain ar dhoiciméid a chuirfear faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird, agus a chuirfear faoi bhráid saineolaithe agus ionadaithe tríú páirtithe.

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • tríú páirtí

    ciallaíonn “tríú páirtí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, chun na sonraí a phróiseáil;

    Article 4, point (10)

  • ionadaí

    ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;

    Article 4, point (17)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…