Caibidil VIII Airteagal 80
Airteagal 80 · Ionadaíocht d'ábhair sonraí
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Leigheasanna, dliteanas agus fíneálacha
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Féadfaidh ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach chun gearán a thaisceadh agus chun na cearta in Airteagail 77, 78 agus 79 a fheidhmiú thar a cheann nó thar a ceann, agus an ceart chun cúiteamh a fháil faoi Airteagal 82 i gcás ina bhforáiltear dó sin le dlí Ballstáit.
Ní mór don chomhlacht, don eagraíocht nó don chomhlachas a bheith:
- comhdhéanta mar is ceart faoi dhlí Ballstáit;
- le cuspóirí reachtacha chun leas an phobail; agus
- gníomhach i réimse chosaint chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh comhlacht den sórt sin, gan sainordú, gearán a thaisceadh agus na cearta in Airteagail 78 agus 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí.
Téacs Airteagal 80leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 80
Ionadaíocht d'ábhair sonraí
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 142 I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí

próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)