Caibidil VIII Airteagal 81
Airteagal 81 · Imeachtaí a chur ar fionraí
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Cúirt inniúil a bhfuil faisnéis aici faoi imeachtaí atá ar feitheamh os comhair cúirte i mBallstát eile maidir leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí céanna, ní mór di teagmháil a dhéanamh leis an gcúirt sin chun a dheimhniú go bhfuil siad ann.
Féadfaidh aon chúirt inniúil seachas an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair ar dtús a himeachtaí a chur ar fionraí nó, i gcás ina bhfuil siad ar feitheamh ag an gcéad chéim agus ar iarratas ó pháirtí, diúltú dlínse a fheidhmiú má tá dlínse ag an gcúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair ar dtús agus go gceadaíonn a dlí imeachtaí a chomhdhlúthú.
Téacs Airteagal 81leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 81
Imeachtaí a chur ar fionraí
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 144 I gcás ina bhfuil cúis ag cúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta le…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)