Aon duine a d'fhulaing damáiste ábhartha nó neamhábhartha mar thoradh ar shárú ar an Rialachán, tá sé de cheart aige nó aici cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí.
Tá aon rialaitheoir a bhfuil baint aige leis an bpróiseáil faoi dhliteanas as an damáiste a rinne próiseáil a sháraíonn an Rialachán; níl próiseálaí faoi dhliteanas ach amháin mura bhfuil oibleagáidí a dhírítear go sonrach ar phróiseálaithe comhlíonta aige nó má ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha dóibh.
Tá ceachtar acu díolmhaithe má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach ar aon bhealach as an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
I gcás ina bhfuil roinnt acu freagrach as damáiste sa phróiseáil chéanna, tá gach ceann acu faoi dhliteanas as an damáiste iomlán agus, tar éis dó cúiteamh iomlán a íoc, féadfaidh sé cuid na ndaoine eile a éileamh ar ais.
Féadfaidh aon duine a fhulaingíonn damáiste de bharr sárú cúiteamh a éileamh ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí; ní bhíonn próiseálaí faoi dhliteanas ach as a mhainneachtainí féin, agus tá an té a chruthaíonn nach bhfuil sé freagrach ar aon slí díolmhaithe.An gníomh i bpictiúir
Téacs Airteagal 82 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 82
An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas
1.
Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.
2.
Aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidh sé faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo.
3.
Beidh rialaitheoir nó próiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.
I gcás ina bhfuil baint ag níos mó ná rialaitheoir nó próiseálaí amháin, nó ag rialaitheoir agus próiseálaí araon, leis an bpróiseáil chéanna agus i gcás ina bhfuil siad freagrach, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, as aon damáiste a raibh an phróiseáil ina chúis leis, beidh gach rialaitheoir nó próiseálaí faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar cúiteamh éifeachtach don ábhar sonraí.
I gcás inar íoc rialaitheoir nó próiseálaí, i gcomhréir le mír 4, cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh, beidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sin i dteideal an chuid sin den chúiteamh a chomhfhreagraíonn dá chuid freagrachta i leith an damáiste i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, a éileamh ar ais ó na rialaitheoirí nó na próiseálaithe eile a raibh baint acu leis an bpróiseáil chéanna.
6.
Déanfar imeachtaí cúirte i ndáil le feidhmiú an chirt chun cúiteamh a fháil, a thionscnamh os comhair na gcúirteanna atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 79(2).
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 146Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí aon damáiste a d'fhéadfadh duine a fhulaingt de bharr próiseáil…
Aithris 147Nuair atá rialacha sonracha maidir le dlínse sa Rialachán seo, go háirithe maidir le himeachtaí lena…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;